An Cine – Our Immigrants' Son

An Cine

Story by John F. P. Murphy. The Irish and English recording is performed by Actress Natalie Britton.

Saolaíodh in Éirinn Patrick Murphy agus Mary Heffernan. Sa bhliain 1845 thug an bheirt acu aghaidh ar shaol nua éiginnte, i dteannta a chéile. Ní raibh acu ach an dóchas, agus chreideadar go raibh saol níos fearr rómpu. Ní raibh tuiscint iomlán acu ar an ndomhan nua, ach bheartaíodar gurb í a n-aisling bheith ina Meiriceánaigh. B’fhéidir nach raibh acu ach cupla léaráid, alt nuachtáin, nó iris i dtaobh na tíre nua. B’fhéidir gur sméid litir ó dhuine a bhí dulta sall le déanaí, orthu.

Ach go háirithe, d’fhág an lánúin óg, nach raibh pósta fós ach  i ngrá go cinnte, d’fhágadar Éire. Samhlaigh an tocht agus an corraí láidir a bhí ina gcroí nuair a thógadar na céad choiscéimeanna go misniúil. Chuadar ar bord árthaigh 19ú aoiseach, an Sweden, agus thugadar aghaidh ar fharraige an Atlantaigh Thuaidh. Bhí tonnta agus gaoth láidir ann. Gíoscán ag bíomaí. Boladh na breoiteachta san aer goirt. Bád lán go béal. Longbhriseadh ag bagairt ón nduibheagán. Ach bhí amhráin, leis, ar bord loinge, amhráin Éireannacha agus scéalta. Chiallaigh an  fágaint nascanna a bhriseadh, tréigint an fhóid dúchais, teacht chun saoránachta i dtír deoranta, agus ag fágaint gach aon rud go raibh taithí acu air ina ndiaidh. Ag fágaint na seanchaithe agus ag dul i dtreo scéalta nua. Fágaint clainne agus eaglaise. Ag imeacht ón gcruatan agus ón mbás.

Sheol an long léi. B’fhada uatha i gcéin Port Láirge anois Bhí obair chrua rómpu, obair a dhéanfadh seanduine de dhuine óg.  Ní raibh san Éirinn a thugadar leo ach rud éigin a bhí ina gcroí anois. B’fhéidir gur choimeádadar go daingean ina gcroí, cuimhne áite, ach gan de chuimhne anois air ach siar tré cheo na mblianta. Choimeádadar araon an dóchas go raibh  an cinneadh ceart déanta acu. Ní raibh súil acu filleadh go deo. Níor fhilleadar. Ná níor fhill a gclann. Bheadh sliocht a sleachta ina Meiriceánaigh. Thabharfaidís féin is a gclann aghaidh ar leatrom dian, forleathan ina mbaile nua.

Ach i bhfaid na haimsire, fuaireadar féin agus an dream a chuaigh sall ag an am céanna, slite chun é sin a chloí. Chuir sciúirse na Gorta Móire an ruaig ar an lánúin óg seo, agus bhíodar meallta ag geallúintí. B’é Meiriceá an gheallúint. Nach misniúil a bhíodar. Ach bhí comhluadar a chéile acu. Agus a gcreideamh. Is ar éigean a bhí éinní eile acu. Tháinig an rath orthu de réir a chéile. Tháinig an rath ar a gclann, ar chlann a gclainne, ar a gclann san agus ar a gclann san arís, ag gluaiseacht leo tríd an saol agus a chuid castaíocha.

Bhain Patrick agus Mary amach aoibhneas; ar ndóigh, chruthaíodar féin a gcuid aoibhnis, a cheart a rá. Ba thábhachtach an cinneadh é. Cinneadh a dheineadar de dheasca éagóra, orthu féin is ar a dtír, agus an dubh a theacht ar na prátaí. Mar sin féin tháinig saol i bhfad níos fearr agus níos aoibhne, tréna gcuid oibre agus a ngrá buanseasmhach. Bhí greim láimhe acu ar Dhia i rith an ama, agus do mhair Éire tríothu. Níor staonadar dá ngrá tíre. Tá siad siúlta isteach sna réithe. Gan an socrú cinniúnach a dheineadar, ní bheimís-ne, a sliocht Gael-Mheiriceánach, ar an saol inniu. Sin é an cinneadh a dhein Patrick agus Mary.

Share this...
Share on Facebook
Facebook
Tweet about this on Twitter
Twitter
Pin on Pinterest
Pinterest
Share on Reddit
Reddit
Share on StumbleUpon
StumbleUpon
Share on LinkedIn
Linkedin

This website uses cookies to improve your user experience. If you continue on this website, you will be providing your consent to our use of cookies.